Ceacht 1: Meas – An Ceithearnach
Sa chéad cheacht seo tugtar isteach buneolas fichille. Foghlaimíonn na daltaí gur cheart teagmháil súl a dhéanamh chun meas a léiriú, ag tús agus ag deireadh an chluiche, agus conas sealanna a ghlacadh le linn cluiche. Mínítear sa cheacht conas an clár fichille a leagan amach i gceart, taispeántar gluaiseacht an Ceithearnach agus cuirtear cluiche beag spraíúil i láthair chun tuiscint na ndaltaí ar chonas an Ceithearnach a fhorbairt. Úsáidtear plé ranga mar mhodh chun tuiscint na ndaltaí ar mheas roimh agus tar éis an cheachta fichille a neartú. Féach ar an bplean ceachta agus na sleamhnáin le haghaidh tuilleadh eolais.
Ceacht 1: Plean Ceachta 1: Meas – An Ceithearnach
Sleamhnáin PowerPoint: Sleamhnáin Ceacht 1 – Meas – An Ceithearnach
Postaer: Cluiche Cheithearnaigh
An Ceithearnach
Cluiche Ceithearnaigh
Ceacht 2: Ag Glacadh le Cailliúint – An Caiseal
Sa dara ceacht tugtar isteach coincheap an-tábhachtach do scoláirí óga fichille – glacadh le cailliúint sa chluiche. Tá na cluichí beaga fichille sa tsraith seo ghearr, ionas go mbíonn go leor deiseanna ag na daltaí bua agus cailliúint a bhlaiseadh. Tá sé tábhachtach go dtuigeann daltaí gur rud dearfach é cluiche a chailliúint mar is minic a bhíonn imreoir níos fearr os a gcomhair amach agus go bhfuil rud éigin nua le foghlaim acu. Ó thaobh ábhair fichille de, cuirtear an Caiseal i láthair sa cheacht, píosa i bhfad níos cumhachtaí ná an ceithearnach.
Plean Ceachta: Plean Ceachta 2 – Ag glacadh le cailliúint agus an caiseal
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 2 Ag glacadh le cailliuint agus an Caiseal
An Caiseal
Cluiche an Chaisil
Postaer: Caiseal vs 5 cheithearnach
Caiseal vs 5 cheithearnach
Ceacht 3: Ag Pleanáil Chun Cinn – An Ridire
Sa tríú ceacht tugtar dúshlán do na daltaí pleanáil a dhéanamh. Spreagtar iad chun smaoineamh go coinníollach, le focail mar “má” agus “ansin”. Cuirtear an Ridire i láthair dóibh ar dtús. Bíonn sé deacair ar roinnt daltaí é a thuiscint. Ansin úsáidtear an cluiche ‘Cac Radaighníomhach’ chun an tuiscint sin a neartú.
Tar éis roinnt cleachtaidh leis an mionchluiche, líontar an clár le licíní agus bíonn ar na daltaí smaoineamh dhá nó trí chéim ar aghaidh. Mura ndéanann siad amhlaidh, beidh siad i bponc. Ní oibríonn an plean amach i gcónaí, ach is fearr rith maith ná droch-sheasamh.
Plean Ceachta: Ag Pleanáil Chun Cinn agus an Ridire
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 3 – Ag Pleanáil Chun Cinn
An Ridire
Cac Capaill
Cluichí bónais:
- Bulladóir
Ceacht 4: Béasaíocht Fichille – An Ridire (Cuid 2)
Tosaíonn ceacht 4 le modh nua neamhbhriathartha chun plé ranga a dhéanamh. Is féidir na trí chomhartha láimhe a úsáid i rith na seachtaine i bpléanna eile freisin. Caithfidh an múinteoir a bheith ina stiúrthóir ar an bplé seo ach cabhróidh sé seo le sruth níos fearr sa chomhrá.
Úsáidtear ceacht 4 freisin chun patrún casta an Ridire a threisiú agus chun mionchluiche a úsáid a chuireann na trí phíosa a mhúineadh go dtí seo le chéile. Is é príomh-theachtaireacht Cheacht 4 ná scileanna béasaíochta a fhorbairt. Nuair a bhíonn an cluiche thart, ba chóir do na himreoirí píosa beag ama a thógáint chun machnamh macánta a dhéanamh ar an gcluiche, na gluaiseachtaí maithe a rinne siad agus cén áit ar bhuaigh nó ar chaill siad an cluiche. Tugann sé seo deiseanna do dhaltaí moladh a thabhairt agus a fháil.
Plean Ceachta: Béasaíocht Fichille agus an Ridire (Cuid 2)
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 4 – Béasaíocht Fichille
An Ridire Dorcha
Postaer: An Ridire Dorcha
Ceacht 5: Comhoibriú – An t-Easpag
Díríonn an cúigiú ceacht ar obair foirne. Cé go bhféadfadh sé seo a bheith aisteach, mar go mbíonn fichille, de ghnáth, ina chluiche aonair, déantar an coincheap a fhiosrú ar an gclár fichille. Taispeántar gur féidir leis na Ceithnearnaigh obair le chéile chun lámh in uachtar a fháil ar phíosaí eile a bhfuil cuma níos láidre orthu. Is cuid thábhachtach ín obair foirne i gclub nó i ngrúpa fichille ar bith é seo.
Má tá sé i gceist ag do scoil páirt a ghlacadh i gcomórtais réigiúnacha Ficheall.ie, beidh imreoirí i bhfoirne de ochtar. Spreagfaidh sé seo foghlaim obair le chéile agus iad ag roinnt a leideanna agus a straitéisí lena chéile.
Plean Ceachta: Ceacht 5: Comhoibriú – An t-Easpag
Sleamhnáin PowerPoint: Comhoibriú – An t-Easpag
An t-Easpag
Cluiche: Riail na hEaspaig
Postaer: Rial na nEaspaig
Cluiche Bónais:
- Easpag v 3 Ceithearnach
- Ficheall Gan Ríochas
Ceacht 6: Ag Déanamh Cinntí – An Bhanríon
Bogann an ceacht go tapa agus cuimsíonn sé cluiche beag téamh suas chun athbhreathnú a dhéanamh, cluiche simplí chun rialacha na Banríona a chleachtadh agus ansin deis ag na daltaí an uirlis cinnteoireachta a chur i bhfeidhm i mionchluiche a úsáideann gach píosa seachas an Rí. Ag an deireadh, iarrtar ar na daltaí an uirlis cinnteoireachta a chur i bhfeidhm ina saol laethúil.
Plean Ceachta: Plean Ceachta 6 – Ag déanamh cinntí – An Bhanríon
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 6 – Ag Déanamh Cinntí – An Bhanríon
An Bhanríon
Ficheall Gan Ríochas
Foireann v Banríon
Ceacht 7: Foighne – An Rí
Múintear rialacha an Rí freisin sa cheacht. Is píosa é a bhfuil teorainn lena ghluaiseacht ach is é an píosa is tábhachtaí ar an gclár fichille i gcónaí. Míneoidh ceachtanna eile cén fáth, go díreach.
Plean Ceachta: Plean ceachta 7 – Foighne – An Rí
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 7 – Foighne agus an Rí
Postaer: Tionlacaí an Rí
An Rí
- Peil
Ceacht 8: Sábháilte agus Mí-Shábháilte - An Modh GCR
Leis na sé phíosa ar fad múinte i gceachtanna 1 go 7, tá sé in am anois rialacha fíorchluiche fichille agus conas cluiche a bhuachtaint a thuiscint. Tosaíonn an ceacht le plé ar chásanna sábháilte agus neamhshábháilte, ábhar coitianta i SPHE, agus ceanglaítear é seo le fichille. Ansin cuirtear rialacha na sáinne in iúl, is é sin ionsaí ar an Rí.
Mínítear ansin conas an Rí a shábháil leis an modh GCR. Má tá sé dodhéanta aon rogha den GCR a úsáid, tá an cluiche thart agus an mharbhsháinn bainte amach!
Plean Ceachta: Ceacht 8 – Sábháilte agus Mí-shábháilte
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 8 – Sábháilte agus Mí Shábháilte
Físeáin Taispeána (Béarla):
- Check
- CPR Method
Físeán Taispeána Mionchluiche (Béarla):
- 3 Check Chess
Ceacht 9: Athléimneacht - Marbhsháinn
(Tosaíonn an ceacht seo trí mhodh GCR an cheachta roimhe a leathnú chun cabhrú le daltaí smaoineamh ar chonas freagairt do bhulaíocht nó ionsaithe pearsanta. Is féidir leo labhairt ar ais, cara a úsáid mar chosaint nó bogadh ar shiúl. Taispeántar do na daltaí sa chaoi seo gur féidir le fichille múineadh dúinn conas iompair dhearfach a léiriú, mar shampla meas a thabhairt, obair foirne a dhéanamh agus béasaíocht cuí a úsáid, ach múineann sé dúinn freisin conas freagairt i ndeacrachtaí agus i gconstaicí. Tugann sé deis dúinn athléimneacht a thaispeáint.
Forbraíonn an cheacht fichille tuiscint na ndaltaí ar an mharbhsháinn trí chluichí beaga deiridh, dúshláin fichille agus Ficheall Mearchasaidh.
Plean Ceachta: Ceacht 9 – Athléimneacht – Marbhsháinn
Sleamhnáin PowerPoint: Ceacht 9 – Athléimneacht agus Marbhsháinn
Postaer: Ficheall Fhorchéimnitheach
Físeán taispeána (Béarla):
- CPR Method
- Queen & Rook v King End-Game
- Rook & Rook v King End-Game
Puzail Fichille:
- Example 1: Back-Rank Mate
- Example 2: The Glass Ceiling
- Puzzle 1 – White to move, mate in 1
- Puzzle 2 – White to move, mate in 1
- Puzzle 3 – Black to move, mate in 1
- Puzzle 4 – Black to move, mate in 1
- Puzzle 5 – White to move, mate in 1
- Puzzle 6 – White to move, mate in 1
- Puzzle 7 – White to move, mate in 2
Ceacht 10: Cleachtadh - Fíor-ficheall
Is é Ceacht 10 an ceacht deireanach sa tsraith seo de cheachtanna fichille do thosaitheoirí. Má tá a fhios ag na daltaí conas a bhogann na píosaí ar fad agus má thuigeann siad marbhsháinn, is é sin conas cluiche fíorfhichille a bhuachtaint agus a chailliúint, ansin tá a fhios acu conas fichille a imirt. Cinnte, tá saol na fichille i bhfad níos doimhne ná sin. Is é tuiscint ar an mharbhsháinn an pointe tosaigh. Braitheann an leibhéal a shroicheann gach imreoir ar chleachtadh, cleachtadh agus a thuilleadh cleachtaidh cheart.
Úsáidtear dúshláin fichille “cruthaigh marbhsháinn” sa cheacht seo chun an teagasc ar an marbhsháinn a thabhairt chun críche. Úsáidtear an chuid eile den cheacht ansin chun deis a thabhairt do na daltaí cluiche fíor-fhichille a imirt ar feadh tréimhse níos faide, rud a bheidh mar chéad chluiche dáiríre ag go leor acu.
Plean Ceachta: Ceacht 10 – Cleachtadh – Ficheall Iomlán
Sleamhnáin PowerPoint: Cleachtadh, Cleachtadh, Cleachtadh
Construct a Checkmate Puzzles:
- Task 1 (see slide 8 in PowerPoint above for solutions)
- Task 2 (see slide 10 in PowerPoint above for solutions)
Bonus Resource:
Lichess.org have excellent interactive lessons on different checkmate patterns here.



